Táibléad na Tine (#13835)

Táibléad na Tine
In Ainm Dé, an Ró-Ársa, an Ró-Mhór.
Go deimhin, tá croíthe na bhfíréan á gcaitheamh le tine an dealaithe: Cá bhfuil glioscarnach sholas do Ghnúise, a Ansacht an uile shaoil?
Tréigthe faoi dhorchadas an léin atá an dream úd atá i bhfogas duit: Cá bhfuil loinnir mhaidine d’Athaontaithe, a Mhian an uile shaoil?
Tá corpáin do lucht tofa ina luí ar an ngaineamh agus iad ar crith i dtíortha i bhfad i gcéin: Cá bhfuil aigéan do láithreach, a Dhia arb ábhar lúcháire an uile shaoil tú?
Tá na lámha á dtógáil in airde go tnúthánach ionsar neamh do ghrásta agus do fhlaithiúlachta: Cá bhfuil báisteach do bhronntaí, a Fhreagraí an uile shaoil?
Tá lucht an mhíchreidimh tar éis éirí go tíoránta ar an uile thaobh: Cá bhfuil cumhacht choscrach Pheann d’aithne, a Bhuaiteoir ar an uile shaoil? Is ard atá tafann na madraí in gach áit: Cá bhfuil Leon fhoraois do nirt, a Smachtóir an uile shaoil?
Tá greim ag an bhfuacht ar an gcine daonna go léir: Cá bhfuil teas do ghrá, a Thine an uile shaoil?
Tá tubaistí an tsaoil tar éis a mbuaic a bhaint amach: Cá bhfuil na comharthaí tarrthála, a Shlánaitheoir an uile shaoil?
 
Tá an dorchadas tar éis titim ar mhórchuid na gciníocha: Cá bhfuil gile do niamhrachta, a Loinnir an uile shaoil?
Tá muinéil na bhfear sínte amach le tréan oilc: Cá bhfuil claímhte do dhíoltais, a Scriostóir an uile shaoil?
Tá an uirísleacht tar éis an bonn is íochtaraí a shroichint: Cá bhfuil comharthaí suaitheantais do ghlóire, a Ghlóir an uile shaoil?
Is iomaí ábhar bróin atá ag cur ar an Té arb é Taispeánadh d’Ainm, an tUile-Thrócaireach: Cá bhfuil lúcháir Ghrian Mhaidine do Thaispeánta, a Aoibhneas an uile shaoil?
Tá mórbhuaireamh tar éis teacht ar chiníocha an domhain: Cá bhfuil meirgí d’áthais, a Lúcháir an uile shaoil?
Feiceann tú Gealadh Lae do chuid comharthaí agus é faoi cheilt ag tuairimí urchóideacha: Cá bhfuil méara do nirt, a Chumhacht an uile shaoil?
Tá tart an domhain tar éis gach duine a chloí: Cá bhfuil abhainn d’fhéile, a Thrócaire an uile shaoil?
Tá an tsaint tar éis braighdeanaigh a dhéanamh den chine daonna ar fad: Cá bhfuil siad siúd atá mar a bheadh spiorad na neamh-fhéinchúise ann, a Thiarna an uile shaoil?
Feiceann tú an Té seo atá faoi Leatrom agus é go huaigneach ar deoraíocht: Cá bhfuil sluaite neamh d’Aithne, a Fhlaith an uile shaoil?
 
Is mé atá ar díbirt i dtír choimhtheach: Cá bhfuil comharthaí suaitheantais do dhílseachta, a Mhuinín an uile shaoil?
Tá pianpháis an bháis tar éis dul i ngreim ar na daoine ar fad: Cá bhfuil borradh aigéan do bheatha síoraí, a Bheatha an uile shaoil?
Tá cogarnach Shátáin tar éis a hanáil a chur faoi gach aon chréatúr: Cá bhfuil dreige do thine, a Sholas an uile shaoil?
Tá meisce na féinchúise tar éis mórchuid an chine dhaonna a mhilleadh: Cá bhfuil réalta maidine na híonghlaine, a Mhian an uile shaoil?
Feiceann tú an Té seo atá faoi Leatrom agus é folaithe faoin tíorántacht i measc mhuintir na Siria: Cá bhfuil loinnir sholas do Chamhaoire, a Sholas an uile shaoil?
Feiceann tú mé agus é crosta orm labhairt amach: Cad as a n-éireoidh do shéiseanna binne, a Fhiliméala an uile shaoil?
Tá an bhaois agus tuairimí gan bhun tar éis an bua a fháil ar mhórchuid na ndaoine: Cá bhfuil siad siúd atá mar a bheadh spiorad na deimhneachta ann, a Dhia, a Chinnteacht an uile shaoil?
Tá Bahá á bhá faoi fharraige cruacháis: Cá bhfuil Áirc do Shlánaithe, a Shlánaitheoir an uile shaoil?
Feiceann tú Grian Mhaidine d’urlabhra i lár dhorchadas na cruthaitheachta: Cá bhfuil grian neimhe do ghrá, a Dhia a bhronnann solas ar an uile shaol?
 
Tá lóchrainn na fírinne agus na híonghlaine, na dílseachta agus na honóra múchta: Cá bhfuil comharthaí díoltais do chuid feirge, a Dhia a chuireann ag gluaiseacht an uile shaol?  
An léir duit éinneach a sheas mar ghaiscíoch duit, nó an bhfuil machnamh déanta aige ar ar éirigh dó i slí do ghrá? Tá mo pheann ina stad gan mhoill, a Ansacht an uile shaoil.
Tá craobhacha an Chrainn Loiteoige Dhiaga ina luí agus iad briste le neart sítheadh ghálaí na cinniúna: Cá bhfuil meirgí do tharrthála, a Ghaiscíoch an uile shaoil?
Tá d’Aghaidh folaithe ag deannach na cúlchainte: Cá bhfuil leoithní do thrua, a Thrócaire an uile shaoil?
Tá smál curtha ar fhallaing na beannaitheachta ag lucht na feille: Cá bhfuil éide do naofachta, a Mhaisitheoir an uile shaoil?
Tá muir an ghrásta gan corrú feasta de bharr a bhfuil curtha i gcrích ag na daoine: Cá bhfuil tonnta d’fhéile, a Mhian an uile shaoil?
Tá glas curtha ar an doras go dtí an Láthair Dhiaga ag tíorántacht do chuid náimhde: Cá bhfuil eochair do bhronntaí, a Dhia a bhaineann glas den uile shaol?
Tá an duilliúr reoite ag gaotha nimhe an achrainn: Cá bhfuil an doirteadh ó néalta d’fhéile, a Thabharthóir an uile shaoil?
Tá dorchadas curtha ar an gcruinne ag deannach an pheaca: Cá bhfuil leoithní do mhaithiúnais, a Mhaiteoir an uile shaoil?
Tá an tÓgánach seo go huaigneach i dtír thréigthe: Cá bhfuil fearthainn do ghrásta neamhaí, a Bhronntóir an uile shaoil?
A Pheann Ard-Cheannasach, chuala muid do ghairm róbhinn sa ríocht shíoraí. Bí-se ag éisteacht lena bhfuil á lua ag Teanga na Maorgachta, a Dhuine atá faoi leatrom ins an uile shaol!
Murach an fuacht conas a bheadh an smacht ag teas do chuid briathra, a Mhínitheoir an uile shaoil?
Murach an tubaiste, conas a shoilseodh grian do chuid foighne, a Sholas an uile shaoil?
Ná caoi mar gheall ar lucht na hurchóide. Ba chun foighne agus fulaingthe a cruthaíodh tú, a Fhoighne an uile shaoil.
Ba aoibhinn mar a gheal do ghrian ag bun spéire do Chúnaint i measc lucht cothaithe an aighnis, agus do thnúthán le Dia, a ansacht an uile shaoil.
Ba tú a chuir meirge an neamhspleáchais ar mhullaigh na sléibhte is airde, agus is amhlaidh a d’éirigh borradh in airde ar mhuir na flaithiúlachta, a Aisling an uile shaoil.
Ba trí d’aonaránacht a shoilsigh Grian an Aontaithe, agus trí do dheoraíocht a cuireadh maise ar thír na hAontachta. Déan foighne, a Eisimirceach an uile shaoil.
Den uirísle a rinne muid éide na glóire, agus den inghreim maisiú do theampaill, a Ábhar Bróid an uile shaoil.
Feiceann tú mar atá croíthe na ndaoine líonta le fuath agus is leatsa neamhiontas a dhéanamh, a Dhuine atá ina Fholaitheoir ar pheacaí an uile shaoil.
Le linn do na claímhte a bheith ag dealramh téighse chun tosaigh! Le linn do na saighde a bheith á scaoileadh, brúighse ar aghaidh, a Íobairt an uile shaoil.
An tusa atá ag caoineadh nó an gcaoinfidh mise? Ní hea, is amhlaidh a bheidh mé ag caoi laghad do chuid curaí, a Neach a thug ar an uile shaol a bheith á chaoineadh.
Go deimhin, chuala mé do Ghairm, a Ansacht UileGhlórmhar, agus tá aghaidh Bhahá ar lasadh san am seo le teas an mhórbhuartha agus le tine do bhriathair lonraigh agus tá sé tar éis éirí le neart dílseachta ar láthair na híobartha, agus é ag tabhairt aghaidhe ar do thoil, a Ordaitheoir an uile shaoil.
A ‘Alí-Akbar, gabh buíochas le do Thiarna as ucht an Táibléid seo, óna mbraitear dea-bholadh mo cheansachta, agus tuig-se cad é a bhain dínn i slí Dé, an Té is Ansa leis an uile shaol.
Má léann do chuid seirbhíseach uile a bhfuil anseo agus machnamh a dhéanamh air, is amhlaidh a fhadófar ina gcuislí a leithéid de thine a chuirfidh an uile shaol trí thine.

-Bahá'u'lláh
-----------------------

